A Éire, a mhuirnín, is mé atá go cráiteAg smaoineamh inniu ar na laetha fadó,Nuair a bhí mé go séanmhar i measc do chuid sléibhte,Chomh sómhar le aon duine i gContae Mhaigh Eo.Níl dadaí lem’ shaoradh ó bhrón ná ó bhuaireamh –Tá neart le mo dhaoradh san áit seo, faraor!Ach cuirim mo bheannacht ‘dtí an té atá ag fanachtIs ag oibriú le dánacht ar do shonas, mo thír!A Éire, a ghrá, nuair nach féidir liom pilleadh,Ó, caoinfidh mé tuilleadh in uaigneas anseo,Agus bheirim mo mhallacht don dlí a rinne an GhalltachtIs é a thug orm scarúint le Contae Mhaigh Eo.I suaimhneas nó i gcogadh ba doiligh liom bogadhÓn áit inar rugadh an teaghlach go léirAtá anois díbrithe ó shléibhte na hÉireannÓn tír sin ró-aoibhinn gan sárú faoin spéir.A Éire, mo…
