Cuireann sé ionadh orm agus mise im shuidh i lár céilí san Ottabha, agus nach amháin go bhfuil Gaelainn le chlos agam, ach go mbeidh Pop-Up Gaeltacht (Preab Gaedhealtacht) ar siubhal théis.
Is Ceanadach mé, rugadh i mBaile an Rígh, san Ontáirio. Baile sach bheag san Ontáirio. Nuair a bhíos im’ lad óg dubhairt m’athair liom gurbh Gaedheil Éireannach sinne. Bhí sé brodúil as, agus thug sé an mothuchán sin dom fhéin. Ar fad bliadhanta bhí bród orm le rá “Is Gaedheal Éireannach mise” ach i ndáiríre ní raibh Gaedheal Éireannach mé. Ní raibh Gaedheal Éireannach é m’athair.
Rugadh seisean i mBaile Ghaedhealtacht Ontáirio, agus a n-athair fhéin i gCeanada leis.
Tháinig ár shinsire ó Éireann cinnte, ach ní raibh as Éireann sinne. Ní raibh puinn den cultúr, ceol, ná…
